Thomas Mann
Ba scríbhneoir clúiteach Gearmánach é Paul Thomas Mann (rugadh ar an 6 Meitheamh 1875 i Lübeck é; d'éag sé ar an 12 Lúnasa 1955 in Kilchberg i gcóngar do Zürich). Ina chuid úrscéalta agus gearrscéalta íorónta thug sé cur síos dúisitheach ar dheireadh na tréimhse buirgéisí i stair chultúrtha na Gearmáine.I dtraidisiún liteartha na Gearmáinise, is buirgéiseach léannta é féin, agus é faoi thionchar filí cosúil le Johann Wolfgang von Goethe agus Theodor Fontane. B'í a stíl shainiúil a thabhaigh gnaoi na léitheoirí dó, agus ba luath ina shaol a d'aibigh sé mar scríbhneoir.
Ní raibh sé ach dhá bhliain fichead d'aois, nuair a d'fhoilsigh sé an t-úrscéal mór úd ''Buddenbrooks'' ("Muintir Buddenbrook"), arb é scéal an teaghlaigh bhuirgéisigh úd Buddenbrook i Lübeck é. B'é an t-úrscéal seo a thuill Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1929.
I mblianta an Chéad Chogadh Domhanda, bhreac sé síos ''Betrachtungen eines Unpolitischen'' ("Nótaí ó fhear neamhpholaitiúil"), inar chosain sé impireacht na Gearmáine, go gairid sular imigh an impireacht úd de dhroim an tsaoil.
Ní ba deireanaí ina shaol, d'athraigh sé aigne i leith na himpireachta. Ina chuid aistí polaitiúla, chuir sé in iúl go raibh sé ag tacú le Poblacht Weimar mar dhuine den tseanaicme bhuirgéiseach.
Nuair a tháinig Adolf Hitler i gcumhacht, chuaigh sé ar imirce. I Meiriceá, bhí sé ina chraoltóir bolscaireachta, agus é ag gríosú na nGearmánach in aghaidh an Naitsíochais.
Cuid den oidhreacht liteartha a d'fhág sé ina dhiaidh is ea a chuid dialann, ina dtráchtadh sé ar chúrsaí na polaitíochta domhanda chomh maith lena shaol príobháideach féin.
Scríbhneoirí tábhachtacha ab ea a dheartháir Heinrich Mann agus triúr dá sheisear clainne: Erika, Golo agus Klaus Mann. clé|mion|188x188px|11881: sé bliain d'aois Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1Gairmuimhir: Be/110/Man2/35a-1LEABHAR
-
2Gairmuimhir: Be/110/Man2/35-2LEABHAR
-
3Gairmuimhir: Be/110/Man2/35-1LEABHAR
-
4Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-20LEABHAR
-
5Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-19LEABHAR
-
6Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-18LEABHAR
-
7Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-17LEABHAR
-
8Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-16LEABHAR
-
9Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-15LEABHAR
-
10Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-14LEABHAR
-
11Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-13LEABHAR
-
12Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-12LEABHAR
-
13Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-11LEABHAR
-
14Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-10LEABHAR
-
15Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-9LEABHAR
-
16Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-8LEABHAR
-
17Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-7LEABHAR
-
18Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-6LEABHAR
-
19Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-5LEABHAR
-
20Gairmuimhir: Be/110/Man2/63-4LEABHAR