Noël Coward
Scríbhneoir, drámadóir agus amharclannaí Sasanach a bhí i Sir Noël Peirce Coward (16 Nollaig 1899 - 26 Márta 1973).Bhreac Noël Coward síos breis is leathchéad de dhrámaí i rith a ghairmréime. Inniu féin is iomaí dráma leis a stáitsítear go tráthrialta. Bhí sé ina scríbhneoir amhránaí fosta, agus tháinig úrscéal amháin agus lear gearrscéalta óna pheann chomh maith. Chuaigh a shaothar i bhfeidhm ar lucht a chomhaimsire agus is féidir a thionchar a aithint ar a lán de phopchultúr an lae inniu féin. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2


