André Breton

File agus scríbhneoir Francach ab ea André Breton, a rugadh ar an 19ú lá d'Fheabhra sa mbliain 1896 i dTinchebray, áit atá lonnaithe insa n''département'' Orne, agus a fuair bás i bPáras, ar an 28ú lá de Mheán Fómhair sa mbliain 1966. Duine de bhunaitheoirí na gluaiseachta san ar a dtugtar ''Surréalisme'' (Gaeilge: Osréalachas) ab ea é.

I measc na saothar a chum sé, tá na leabhair ''Nadja'' (1928), ''L'Amour fou'' (1937) agus go leor forógraí a dhéanann cur síos ar cad is Osréalachas ann agus conas ba chóir d'ealaíontóirí an Osréalachais a gceird a chleachtadh.

Mar thoradh ar an ról lárnach a bhí aige i ngluaiseacht an Osréalachais, do bhí André Breton ar dhuine desna daoine is tábhachtaí i saol na n-ealaíon agus na litríochta sa bhFrainc sa gcéad leath den 20ú haois. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 3 toradh á dtaispeáint as 3 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Breton, André', am iarratais: 0.04s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Breton, Andre
    Foilsithe / Cruthaithe 1982
    Gairmuimhir: Ka/138/Bre/1
    LEABHAR
  2. 2
    Foilsithe / Cruthaithe 1982
    Rannpháirtithe: “…Breton, André…”
    Gairmuimhir: Li/110/Lau/1
    LEABHAR
  3. 3
    de réir Cravan, Arthur
    Foilsithe / Cruthaithe 1978
    Rannpháirtithe: “…Breton, Andre…”
    Gairmuimhir: Be/110/Cra/1
    LEABHAR